Skip to main content

An fhoghlaim bunaithe ar thionscadal le TFC

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 6 cur síos ar an gcaoi a chruthaigh a rang físeán le haghaidh SeaFest, i bpáirt le TULCA agus Clár Oideachais an Taiscéalaí Fhoras na Mara. Is éard atá i gceist leis an tionscadal TFC ná úsáid a bhaint as acmhainní digiteacha éagsúla, ar nós táibléid, GoPros agus Skype. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach: http://tulcafestival.com/marine-institute/

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi ar chruthaigh a rang físeán do SeaFest, i gcomhar le TULCA agus i gcomhar le Clár Oideachais do Thaiscéalaithe de chuid Fhoras na Mara. Oibríonn na scoláirí le chéile agus le healaíontóir ar cuairt le linn na gceardlann seachtainiúil. Déanann siad taighde agus cuireann siad scéal ar chlár chun eolas a bhailiú. Cuimsítear leis an tionscadal TFC acmhainní digiteacha éagsúla a úsáid ar nós táibléad, GoPro agus Skype.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

 An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.