Skip to main content

Réaltacht bhreisithe le Ciúbanna Cumaiscthe sa seomra ranga

Forbhreathnú ar Fhíseán

Míníonn Dearbhla O’Sullivan, Scoil Mhuire sa Tulach Mhór, an úsáid a bhaineann sí as an réaltacht bhreisithe le Ciúbanna Cumaiscthe chun beocht a chur le hábhair sa seomra ranga.

Cur Síos

Déanann múinteoir cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann an scoil réaltacht bhreisithe le Merge Cubes agus gléasanna soghluaiste lena n-áirítear fóin phóca agus iPads. Is í an eolaíocht an rogha ábhar sa sampla seo agus úsáidtear Merge cubes sa seomra ranga chun topaic an chroí agus na scamhóga a fhiosrú go mion. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí na horgáin éagsúla a fhiosrú agus foghlaim fúthu. Is féidir Merge Cubes a úsáid ó Rang 1 go Rang 6, nuair a bheidh na daltaí eolach ar na rialacha a bhaineann leis cubes a láimhseáil.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1 Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1. 1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3 Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

 

, Bunscoileanna, Collaboration, STEM

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.