Skip to main content

Cabhrú le Daltaí Scileanna Smaointeoireachta Criticiúla a Fhorbairt

Forbhreathnú ar Fhíseán

Pléann Elish Sheridan an tslí a ndearna sí an tSaoránacht Dhigiteach a shníomh isteach ina cuid ranganna agus an tslí a mbíodh na daltaí páirteach aici trí chainteanna ranga a spreagadh agus trí phasanna agus phróisis Saoránachta Digití a chruthú leis an teicneolaíocht a chosaint.

Cur Síos

Fiosraíonn an múinteoir ceacht ar Shaoránacht Dhigiteach a dhíríonn ar scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt le cúnamh ón bhfíseán Webwise. Tugannn sí TED Talk agus gníomhaíochtaí ceachta Webwise isteach chun ceacht ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le hidirghníomhú ar líne a mhúineadh. Fiosraíonn daltaí teicneolaíocht an domhainbhrionnaithe mar choincheap agus an tábhacht a bhaineann le haibíocht sa domhain fhíorúil. Oibríonn daltaí le chéile i ngrúpaí chun cur i láthair gairid agus próiseas chun pas saoránacht dhigiteach a fháil a chruthú.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

 An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.4 Faigheann daltaí taithí ar dheiseanna chun na scileanna agus na meonta atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt

Bíonn deiseanna ag daltaí a n-inniúlacht dhigiteach a úsáid i gcásanna nó i gcomhthéacsanna nua agus bíonn tuiscint atá oiriúnach dá n-aois acu ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach cabhrú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.

 

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Digital Citizenship, Internet Safety

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.