Skip to main content

Códáil i rang OSIE

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 5 cur síos ar an gcaoi a thug sí an scil códaithe isteach ina seomra ranga le húsáid a bhaint as an aip shaor in aisce. Lightbot – Hour of Code. Cuirtear le ceachtanna OSIE trí úsáid a bhaint as an mbogearraí Lego WeDo. Tá an tionscnaíocht códaithe seo mar chuid de thionscadal níos leithne laistigh den Chiste um Barr Feabhais.

Cur Síos

Déanann múinteoir cur síos ar úsáid na teicneolaíochta ina seomra ranga chun tacú le OSIE. Úsáideann na scoláirí an clár bán idirghníomhach agus Netbook le haghaidh tionscadail faoi athchúrsáil. Oibríonn na scoláirí ina mbeirteanna chun trucailí athchúrsála a chruthú ach úsáid a bhaint as an aip Lego WeDo 2.0 chun a gcuid saothar a chódú. Déanann an múinteoir cur síos ach úsáid a bhaint as an aip atá saor in aisce darb ainm: Lightbot – Hour Code agus ar an gcaoi ar thacaigh sí leo le linn dóibh a bheith ag múineadh códaithe sa seomra ranga.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Coding, Gaelcholaiste

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.