Skip to main content

Comhoibriú le Jamboard i Rang Matamaitice

Forbhreathnú ar Fhíseán

Cur síos ó mhúinteoir, Naomi Ní Chearbhaill, ar conas a chabhraíonn uirlis mar Google Jamboard le chomhoibriú idir dhaltaí nuair atá siad scartha óna chéile mar gheall ar Covid-19. Select CC and English or Irish for subtitles.

Cur Síos

Roinneann múinteoir idirbhliana an tslí a n-úsáideann sí Aip Jamboard i gceacht Matamaitice a dhíríonn ar chothromóidí a bhaineann le líne agus ciorcal. Is féidir le daltaí daltaí aip a úsáid i ngrúpaí nó ina n-aonar agus is éasca an rud é piarmheasúnú a leagan amach. Cuireann Jamboard réiteach fadhbanna agus comhoibriú chun cinn.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Assessment Feedback and Digital Technologies (Post Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Gaelcholaiste, STEM

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.