Skip to main content

Ríomhleabhar Bolcáin a Chruthú

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir scoile cur síos ar an gcaoi a chruthaíonn sé ríomhleabhair chun ábhair OSIE a mhúineadh. Áirítear ‘Quiver’, a chuireann beocht in obair na ndaltaí agus ‘Explain Everything’, chun a gcuid foghlama a léiriú le haipeanna eile a luaitear. D’fhéadfadh ríomhleabhair a roinnt chomh maith leis an bpobal múinteoireachta níos leithne trí iTunes.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi ar chruthaigh sé ríomhleabhar chun ceacht a mhúineadh faoi na bolcáin in OSIE. Is féidir an téacsleabhar arna chruthú ag múinteoirí a roinnt go digiteach ar iTunes ionas go bhfuil scoileanna agus scoláirí eile in ann rochtain a fháil air. Cuimsítear le haipeanna eile Quiver, ina ndéantar beochan de shaothar na scoláirí agus Explain Everything chun a gcuid foghlama a chur in iúl. Is í Foldify aip eile a luadh chun na gnéithe fisiciúla den tionscadal bolcán a chruthú.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Online Resources, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.