Skip to main content

Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta Áth Tí an Mheasaigh

Teicneolaíochtaí Digiteacha i Scoil Náisiúnta Áth Tí an Mheasaigh

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann Príomhoide scoile cur síos ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm ina scoil. Baineann an scoil úsáid as Creat na Foghlama Digití, Ag Breathnú ar an Scoil Againne agus uirlis SELFIE an AE chun pleanáil a dhéanamh le haghaidh na foghlama digití. Baineann daltaí úsáid as gléasanna agus acmhainní éagsúla, lena n-áirítear Chromebooks, iPads agus Lego Wedo.

Cur Síos

Déanann Príomhoide na scoile cur síos ar an gcaoi ar fhigh a scoil teicneolaíochtaí digiteacha isteach ar fud an churaclaim. Bhí an nasc Wi-Fi fíorthábhachtach chun an TFC atá i bhfeidhm a shocrú ó tharla gur scoil thuaithe atá inti. Úsáideann an scoil an Creat Foghlama Digití, Ag breathnú ar an Scoil Againne agus Uirlis SELFIE AE chun pleanáil a dhéanamh le haghaidh foghlaim dhigiteach. Úsáideann na scoláirí réimse gléasanna agus acmhainní, lena n-áirítear Chromebook, iPads agus Lego WeDo. Déantar teicneolaíocht an tseomra sóisearaigh a chomhtháthú agus a nascadh ar fud na gceachtanna. Díríonn na scoláirí sinsearacha ar cheachtanna chun na scileanna a bhaineann le smaointeoireacht agus cruthaitheacht ríomhaireachtúil a neartú.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna, Coding, Computational Thinking

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.