Skip to main content

Dul i ngleic le tionscadal domhanda i dtaca leis an athrú aeráide le hábhar ilmheán

Dul i ngleic le tionscadal domhanda i dtaca leis an athrú aeráide le hábhar ilmheán

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann Kate Murray, Scoil Náisiúnta Naomh Abhaistín Cluain Tuaiscirt, cur síos ar an úsáid a bhaineann a scoil féin as ábhar ilmheán le dul i ngleic go rialta le tionscadal domhanda i dtaca leis an athrú aeráide.

Cur Síos

Déanann príomhoide bunscoile cur síos ar chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ina scoil agus ar pháirt a ghlacadh sa Global Climate Change Project. Aipeanna a chuireann le foghlaim na ndaltaí i gceachtanna lena n-áirítear Office365, Flipgrid, OneNote, Stream agus Teams. Chomh maith leis sin, déanann an scoil cur síos den scoth ar shocrú naisc bhaile le obair thionscadail. Úsáidtear Skype le scoileanna eile chun foghlaim faoi athrú aeráide.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

, Bunscoileanna, Collaboration, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.