Skip to main content

EU Folio – Sruth Oibre Ríomhphunainne (Béarla)

Forbhreathnú ar Fhíseán

Cruthaíonn sí a cuid acmhainní féin ar líne ag baint úsáid as Puzzle. Míníonn sí an feabhas a chuireann na hacmhainní seo ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Edmodo le haghaidh tascanna agus obair bhaile. Trí úsáid a bhaint as na hacmhainní seo, is féidir measúnú múnlaitheach a dhéanamh agus aiseolas pearsanta a thabhairt láithreach.

Cur Síos

Úsáideann an múinteoir Béarla EdPuzzle agus Edmodo ina seomra ranga. Úsáideann an Múinteoir Edpuzzle chun ceisteanna ardoird agus ísealoird a chur ar an rang. Uaslódáiltear EdPuzzle chuig Edmodo ansin, áit a dtosaíonn na daltaí ag pleanáil a n-aistí. Nuair a bheidh a n-aistí scríofa acu, cuirfidh siad isteach iad trí Edmodo. Is féidir le múinteoir aiseolas duine ar dhuine láithreach a thabhairt do dhaltaí agus is féidir le daltaí féachaint ar a gcuid oibre ón mbliain ar fad.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.4 Faigheann daltaí taithí ar dheiseanna chun na scileanna agus na meonta atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt

Bíonn deiseanna ag daltaí a n-inniúlacht dhigiteach a úsáid i gcásanna nó i gcomhthéacsanna nua agus bíonn tuiscint atá oiriúnach dá n-aois acu ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach cabhrú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.