Skip to main content

EU Folio – Taithí scoile (Coláiste Pobail Átha Í)

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoirí maidir le EU Folio agus an taithí a bhí ag an scoil acu. Pléann siad an tábhacht a bhaineann le bheith ar do chompord leis an gcóras sula gcuirtear tús leis sa rang. Baintear úsáid as ríomhphunanna sa scoil mar mhodh measúnaithe leanúnaigh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag daltaí a thaifeadadh.

Cur Síos

Pléann múinteoirí an tslí ar chabhraigh ríomhphunanna lena scoil. Thriail siad an clár le grúpa ón 2ú bliain sular thug siad isteach é chuig dhá rang sa chéad bhliain. Baineann na daltaí úsáid as Mahara agus a gcuid oibre a phostáil air i rith na bliana. Is féidir le múinteoirí aiseolas a thabhairt ar an bpointe agus is féidir le daltaí a gcuid oibre a nuashonrú go leanúnach agus a ndul chun cinn a fheiceáil. Úsáideann múinteoirí é mar mhodh chun measúnú foirmitheach agus leanúnach a dhéanamh. Tá na daltaí ag cur lena scileanna ríomhaireachta agus acadúla. Comhairle múinteoirí do mhúinteoirí eile: Tosaigh go mall agus bíodh plean agat.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Introducing Digital Portfolios (Post Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
  • 2.3 Déanann daltaí machnamh ar a ndul chun cinn mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad úinéireacht áirithe ar a bhfoghlaim agus freagracht áirithe aisti

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú, a ndul chun cinn a thaifeadadh agus machnamh a dhéanamh air, agus a n-inniúlacht a fhorbairt mar fhoghlaimeoirí féinstiúrtha.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Online Resources, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.