Triail a bhaint as íomhánna a roinnt agus úsáid á baint as an gClár Lockers
Forbhreathnú ar Fhíseán
Labhraíonn AJ Doyle faoi Chlár Lockers ina bpléitear na dlíthe a bhaineann leis an ngnéastéacsáil agus leis an roinnt neamhchomhthoiliúil. Míníonn sé conas mar a dhéanann sé topaicí éagsúla a chlúdach sa rang trí fhéachaint ar an bhfíseán Forever ar Webwise agus trí chás-staidéir a phlé i ngrúpaí.
Cur Síos
Míníonn múinteoir an tslí a n-úsáideann sé Lockers Programme ó Webwise a dhíríonn ar an dlí maidir le gnéastéacsáil agus comhroinnt gan toiliú ar líne. Déanann sé cur síos ar an gcaoi ar phléigh sé na topaicí seo ina chuid ranganna le cabhair ón bhfíseán Webwise, Forever agus trí bheith ag plé leis na cás-staidéir i ngrúpaí. D’úsáid na daltaí Mentimeter mar rang iomlán chun smaointe a bhailiú chomh maith cás-staidéir a úsáid don obair ghrúpa.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
- 1.2 Bíonn an t-eolas, na scileanna agus na meonta riachtanacha ag daltaí chun iad féin agus a gcuid caidreamh a thuiscint
Bíonn dearcadh dearfach ag daltaí i leith úsáid teicneolaíochtaí digiteacha agus tuigeann siad na rioscaí agus na teorainneacha féideartha a bhaineann leo.
Tuigeann daltaí na rioscaí agus na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith i dtimpeallachtaí digiteacha.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.