Skip to main content

Tionscadal Físéain FÍS i mBunscoil

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann dalta as rang 6 cur síos ar an gcaoi a chruthaigh a rang scannán don chomórtas scannán Oide FÍS. Cuimsíonn gach tionscadal réimse leathan tascanna, lena n-áirítear scéalchlárú, scriptiú agus léiriú. Áirítear an aip Stop Motion, iMovie agus físeán teagaisc FÍS ar líne leis na hacmhainní a úsáidtear chun an físeán a chruthú.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi ar chruthaigh a rang scannán le haghaidh Comórtas Scannánaíochta FÍS SFGM.Deirtear go bhfuil na Físeáin Teagaisc FÍS an-úsáideach nuair atáthar ag déanamh pleanála chun tionscadal déanta scannán a chur ar siúl. Cuimsítear le gach tionscadal, réimse leathan tascanna lena n-áirítear scéal a chur ar chlár, scripteanna a dhéanamh agus léiriú. Taispeántar san fhíseán an chaoi ar chuir an rang ábhar Eolaíochta san áireamh chun a bhfíseán a chruthú. Cuimsítear an méid seo a leanas leis na hacmhainní a úsáidtear chun an scannán a dhéanamh: aip Stop Motion, iMovie agus Ranganna teagaisc FÍS. Úsáidtear maisíochtaí fuaime agus aipeanna fotheidealaithe atá saor in aisce chomh maith.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá idir dhúshlánach agus thacúil

Bíonn na hidirghníomhaíochtaí digiteacha, idir na daltaí féin agus idir na daltaí agus na múinteoirí, idir mheasúil agus dhearfach agus cuidíonn siad leis an bhfolláine.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.