Físeán Digiteach le haghaidh Anailíse agus Measúnaithe sa CO
Agallamh le múinteoir faoin úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht sna ranganna CO. Baineann na daltaí úsáid as a gcuid guthán féin le cóid QR a scanadh a thugann caol díreach chuig físeán scileanna iad. Baineann siad leas as táibléid chun taifeadadh a dhéanamh ar a gcomhghleacaithe agus an scil á cleachtadh acu. Baintear úsáid as Google forms mar mhodh féinmheasúnaithe.