TFC agus Ceol
Baineann Múinteoir Ceoil úsáid as an teicneolaíocht mar bhuntáiste don teagasc agus don fhoghlaim. Baineann sí úsáid as Movie Maker le cabhrú lena rang tuiscint fhísiúil agus chluaise a fhorbairt ar amhráin trí fhíseáin a chruthú don phíosa ceoil. Baineann an rang úsáid as audacity chomh maith, chun amhráin a thaifeadadh i gcodanna sula gcuirtear le chéile é – pianó, aonréad, comhcheol.