Skip to main content

Físeáin Dea-Chleachtais

  • Táibléid a Úsáid le tacú le foghlaim teangacha (Gearmáinis)

    Míníonn múinteoir Gearmáinise na teicneolaíochtaí a bhíonn in úsáid aici sa seomra ranga. Baineann an scoil úsáid as Notability mar aip chun nótaí a ghlacadh a chuireann ar chumas na ndaltaí fuaim a thaifeadadh, a chabhraíonn leis an bhfoghraíocht sna ranganna teanga. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Book Creator inar féidir lena cuid daltaí cur i láthair dá gcuid féin a chruthú faoi thopaicí roghnaithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

  • TFC don mheastóireacht san Idirbhliain

    Agallamh le Múinteoir maidir leis an úsáid a bhaintear as ríomhphunanna san Idirbhliain. Baineann siad úsáid as réimse leathan aipeanna ar na táibléid acu i gcaitheamh na bliana chun a gcuid foghlama a thaifeadadh. Míníonn sé conas mar a dhéanann sé bainistiú ar na táibléid ina sheomra ranga agus tarraingíonn sé aird ar an tábhacht a bhaineann le polasaí scoile a chur i bhfeidhm.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Gaelcholaiste, Planning/Digital Learning Framework, Punanna Digiteacha

  • Teicneolaíocht Dhigiteach i gColáiste an Phiarsaigh

    Agallamh le Leas-Phríomhoide faoi chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ar scoil i gcúrsaí teagaisc agus foghlama. D’fhorbair an scoil grúpa pleanála don teicneolaíocht ar scoil le tacú le pleanáil chomhoibríoch na foirne. Labhraíonn sé faoin tslí a gcothaíonn sé seo comhoibriú le daltaí agus leis an bhfoireann. Pléann sé an úsáid a bhaintear as réimsí digiteacha san Idirbhliain.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Iar-bhunscoileanna

  • Táibléid a Úsáid le tacú le foghlaim teangacha (Fraincis)

    Míníonn múinteoir Fraincise na buntáistí a bhaineann le táibléid ina cuid múinteoireachta. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Kahoot agus Educanon mar mhodh measúnaithe. Tá an rang ag súil le dul i ngleic leis na huirlisí seo. Pléann sí an aip Dice Lite san obair ghrúpa chomh maith. Is féidir úsáid a bhaint as na haipeanna seo ar bhonn aonair nó i ngrúpaí.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources

  • Tacú le húsáid éifeachtach TFC trí phobal cleachtais

    Agallamh le hIonad Oideachais Chontae Dhún na nGall faoin tslí a dtacaíonn siad lena gcuid scoileanna i gcúrsaí teagaisc agus foghlama i réimse TFC. Pléann sí trí scoil áitiúil agus iad ag obair i dteannta chéile le tacú lena chéile. Baineann siad úsáid as Edmodo, Google Drive agus cruinnithe ar an láthair chun a gcuid taithí agus a gcuid cleachtas a roinnt.

    Ceannaireacht agus Bainistíocht, Iar-bhunscoileanna

  • TFC agus CO: Treodóireacht le hAip

    Míníonn Múinteoir CO conas mar a dhéanann sé an teicneolaíocht a shníomh isteach ina chuid ranganna. Baineann sé leas as i-treodóireacht, agus bíonn ar dhaltaí cóid QR a scanadh agus léarscáil fhisiceach a leanúint. A luaithe a chríochnaíonn siad an cúrsa, glactar nóta de na hamanna acu agus cuirtear i gcomparáid lena chéile gach seachtain iad mar mhodh measúnaithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources

  • Físeán Digiteach le haghaidh Anailíse agus Measúnaithe sa CO

    Agallamh le múinteoir faoin úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht sna ranganna CO. Baineann na daltaí úsáid as a gcuid guthán féin le cóid QR a scanadh a thugann caol díreach chuig físeán scileanna iad. Baineann siad leas as táibléid chun taifeadadh a dhéanamh ar a gcomhghleacaithe agus an scil á cleachtadh acu. Baintear úsáid as Google forms mar mhodh féinmheasúnaithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

  • Teicneolaíochtaí Digiteacha sa rang Tíreolaíochta

    Pléann Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Wizer.ie ina sheomra ranga féin. Míníonn an múinteoir an úsáid a bhaineann sé as an uirlis seo le cabhrú leis an gcianfhoghlaim. Cabhraíonn sé leis tascanna difreáilte a leagan ar dhaltaí agus aiseolas aonair a thabhairt. Oibríonn na daltaí as a stuaim féin ansin chun na tascanna éagsúla a chríochnú.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Punanna Digiteacha

  • TFC in úsáid don Ghaeilge

    Baineann Múinteoir Gaeilge úsáid as TFC chun forbairt na teanga labhartha a chur chun cinn. Pléann sí an úsáid a bhaineann sí as déanamh físeán le tacú lena gcuid Gaeilge labhartha. Déanann an rang físeáin a phleanáil agus a chruthú agus féachann siad ar fhíseáin a chéile ansin chun aiseolas a thabhairt. Pléann sí an tslí a ndéanann sí bainistiú ar úsáid na dtáibléad sa seomra ranga.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Planning/Digital Learning Framework

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.