San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí agus saineolaithe iar-bhunscoile úsáid ardán ar líne i scoileanna.
Míníonn Dearbhla O'Sullivan, Scoil Mhuire sa Tulach Mhór, an úsáid a bhaineann sí as an réaltacht bhreisithe le Ciúbanna Cumaiscthe chun beocht a chur le hábhair sa seomra ranga.
Déanann Martin Moore, Scoil Sinsir Náisiúnta Thalbóid, cur síos ar an úsáid a bhaineann a rang féin as na hilmheáin chun tionscadail a chruthú bunaithe ar an aeráid agus ar an inbhuanaitheacht.
Labhraíonn AJ Doyle faoi Chlár Lockers ina bpléitear na dlíthe a bhaineann leis an ngnéastéacsáil agus leis an roinnt neamhchomhthoiliúil. Míníonn sé conas mar a dhéanann sé topaicí éagsúla a chlúdach sa rang trí fhéachaint ar an bhfíseán Forever ar Webwise agus trí chás-staidéir a phlé i ngrúpaí.
San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí agus saineolaithe iar-bhunscoile úsáid ardán ar líne i scoileanna
Pléann Elish Sheridan an tslí a ndearna sí an tSaoránacht Dhigiteach a shníomh isteach ina cuid ranganna agus an tslí a mbíodh na daltaí páirteach aici trí chainteanna ranga a spreagadh agus trí phasanna agus phróisis Saoránachta Digití a chruthú leis an teicneolaíocht a chosaint.
Labhraíonn Anna faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfolláine ar líne a mhúineadh dá cuid daltaí ó rang 1 agus faoin úsáid a bhain sí as gníomhaíochtaí ó Webwise HTML Heroes mar chuid dá rang, an méid seo a leanas san áireamh; plé ranga faoin saol ar líne, scéal Archie, tástálacha, agus díospóireacht ghluaiseachta.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.