Déanann dalta as rang 6 cur síos ar an gcaoi a chruthaigh a rang scannán don chomórtas scannán SFGM FÍS. Cuimsíonn gach tionscadal réimse leathan tascanna, lena n-áirítear scéalchlárú, scriptiú agus léiriú. Áirítear an aip Stop Motion, iMovie agus físeán teagaisc FÍS ar líne leis na hacmhainní a úsáidtear chun an físeán a chruthú.
Déanann múinteoir scoile cur síos ar an gcaoi a chruthaíonn sé ríomhleabhair chun ábhair OSIE a mhúineadh. Áirítear ‘Quiver’, a chuireann beocht in obair na ndaltaí agus ‘Explain Everything’, chun a gcuid foghlama a léiriú le haipeanna eile a luaitear. D’fhéadfadh ríomhleabhair a roinnt chomh maith leis an bpobal múinteoireachta níos leithne trí iTunes.
Míníonn múinteoir rang 1 an chaoi a úsáideann sí Google Classroom le haghaidh na hAmharc-ealaíon. Míníonn sí an chaoi a chruthaíonn daltaí rúibric dhigiteach a leanann na daltaí atá ag cruthú san ealaíon. Sábháiltear grianghraif d’obair na ndaltaí ar Google Drive chun ríomhphunann a chruthú.
Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a úsáideann sé Book Creator chun ríomhleabhair a chruthú. Cabhraíonn an acmhainn seo le Litearthacht, Réiteach fadhbanna, Ceol agus Ealaíon ina seomra ranga agus d’fhéadfadh ábhar atá cruthaithe a roinnt ar iTunes nó ar bhlag na scoile. Faightear íomhánna gan dleacht le húsáid a bhaint as Creative Commons: www.creativecommons.org
Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a shocraigh sé scáileán glas chun físeán le tráchtaireacht a chruthú ina seomra ranga. Áirítear braillín ghlas ar crochadh sa seomra ranga agus táibléad leis an aip Green Screen le Do Ink leis na hacmhainní riachtanacha a úsáideadh: www.doink.com
Baineann múinteoir Naíonán Sóisearach úsáid as Scratch chun an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim a thacú i suíomh ilghrád. Cuireann an múinteoir teagaisc stáisiúin san áireamh mar mhodh measúnaithe. Baintear úsáid as Scratch chomh maith le Stop Motion Animation mar mhodhanna measúnaithe. Éascaíonn na daltaí sinsearacha, i stáisiúin, an obair seo i measc na daltaí níos óige.
Míníonn múinteoir rang 6 an chaoi a úsáideann sé Google Classroom, Google Drive agus cáipéisí Google chun cur le ceachtanna scríbhneoireachta i suíomh ilghrád. Sábháiltear obair na ndaltaí, agus ríomhphunann mionsonraithe á cruthú is féidir a úsáid le haghaidh measúnaithe.
Déanann múinteoir rang 1 cur síos ar an gcaoi a úsáideann a rang acmhainní digiteacha sa OSIE le haghaidh obair thionscadail. Baineann daltaí úsáid as Book Creator le haghaidh scríbhneoireacht nós imeachta agus Scratch Jnr chun torthaí a dTurgnaimh eolaíochta a chódú. Baintear úsáid as TFC le haghaidh ábhar a chruthú sa seomra ranga agus is príomhuirlis measúnaithe é.
Déanann múinteoir ranga ilghrád cur síos ar an gcaoi a d’imeasc sí físeán digiteach i gceacht Gaeilge. Baineann na daltaí úsáid as beochan Stop Motion chun scéal a athinsint óna leabhar Gaeilge. Bhain an múinteoir úsáid as ceachtanna SFGM FÍS chun a múinteoireachta a thacú. Bhain daltaí úsáid as líníochtaí, pictiúir agus Lego chun an scéal a athchruthú.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.