Déanann múinteoir Naíonán Sóisearach cur síos ar tháibléid a úsáid le haghaidh litearthachta sna Naíonáin Shóisearacha. Oibríonn na daltaí ag stáisiúin éagsúla, lena n-áirítear fuaimeanna a mheascadh, cruthú litreacha, cleachtadh focal casta, agus deachtú. Is é Hairy Letters an aip atá in úsáid le haghaidh cruthú litreacha.
Léiríonn múinteoir Naíonán Sinsearach an chaoi a úsáideann sí táibléid lena rang. San fhíseán seo, baineann na daltaí úsáid as an aip Toontastic chun a scéal féin a chruthú. Glacann siad páirt le seicheamhú, cruthaitheacht agus réiteach fadhbanna. Úsáideann an múinteoir cur chuige céimnithe agus TFC á thabhairt isteach sa seomra ranga.
Déanann múinteoir rang 1 agus 2 cur síos ar na haipeanna éagsúla le haghaidh na múinteoireachta agus measúnaithe i suíomh tacaíochta foghlama. Roghnaigh an múinteoir an aip Tráth na gCeist ‘Kahoot’ chun foghlaim na ndaltaí a measúnú. Déanann daltaí taifeadadh ar íomhánna agus físeáin le húsáid a bhaint as an aip Explain Everything. Cruthaíonn siad ríomhleabhair ansin le húsáid a bhaint as Book Creator.
Déanann múinteoir rang 1 cur síos ar an úsáid a bhaineann siad as táibléid chun múinteoireacht agus foghlaim a thacú sa mhata. Foghlaimíonn an rang faoi Ionadluach trí ghníomhaíochtaí láimhe agus aipeanna. Is iad na haipeanna a mbaintear úsáid astu san fhíseán ná Pieces Basic agus Twinkl 100 Square.
Déanann múinteoir rang 5 cur síos ar an gcaoi a thug sí an scil códaithe isteach ina seomra ranga le húsáid a bhaint as an aip shaor in aisce. Lightbot - Hour of Code. Cuirtear le ceachtanna OSIE trí úsáid a bhaint as an mbogearraí Lego WeDo. Tá an tionscnaíocht códaithe seo mar chuid de thionscadal níos leithne laistigh den Chiste um Barr Feabhais.
Déanann múinteoir rang 5 agus 6 cur síos ar an gcaoi a chruthaigh a rang físeán suimiúil le húsáid a bhaint as an aip Stop Motion. D’oibrigh na daltaí i ngrúpaí chun na seiteanna agus na carachtair a dhearadh agus chun maisíochtaí fuaime agus ceol a phiocadh. Thóg an tionscadal roinnt mhaith seachtainí agus d’imeasc sé go leor ábhar curaclaim.
This video describes how Beebots are used for station teaching with Junior Infants. The programme involves teaching children skills such as problem solving, instructional language, sequencing and organising. The stations include small world, treasure maps, learning directions, phonics, 2D shapes, construction and the Beebot app on tablets.
Léiríonn múinteoir rang 5 agus 6 ceacht sa róbataic le haghaidh ETIM atá curtha ar fáil le cúnamh ó Seagate i nDoire. Cuimsíonn an ceacht úsáid a bhaint as róbataic, ríomhchlárú Scratch agus fóin chliste agus tascanna éagsúla á ndéanamh ag na daltaí i ngrúpaí. Cumarsáid agus réiteach fadhbanna atá i gceist leis an gceacht.
Déanann múinteoir rang 1 agus 2 cur síos ar cheacht ETIM bunaithe ar an tógáil agus úsáid a bhaint as acmhainní ar nós táibléid, Lego agus an clár bán idirghníomhach. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun a dtionscadail a thaifead, a chur i láthair agus aiseolas a thabhairt air.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.