Skip to main content

Podchraoladh i Rang Eacnamaíochta

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir, Dáithí Ó Géanaí cur síos ar chonas a dhéanann scoláirí podchraoltaí ar thopaicí cosúil le tionchar Covid-19 ar chursaí eacnamaíochta. Úsáideann na scoláirí Garageband chun na podchraoltaí a thaifead agus a roinnt leis an rang. Select CC and English or Irish for subtitles.

Cur Síos

Déanann múinteoir eacnamaíochta cur síos ar phróiseas podchraoltóireachta a úsáideann sé lena 5ú agus 6ú bliain. Tosaíonn sé le ceacht a mhúineadh ar ábhar ar leith agus ansin roghnaíonn  sé dalta go randamach chun podchraoladh a thaifeadadh. Is féidir é seo a uaslódáil agus a roinnt leis an rang iomlán ag úsáid IMovie agus Google Classroom.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Gaelcholaiste, Online Resources, Subject Specific

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.