Skip to main content

Punanna Digiteacha i Rang a Dó

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 2 cur síos ar an gcaoi a bhain a scoil tairbhe as feidhmiú an Tionscadail Punann Digiteach. Baineann an scoil úsáid as acmhainní éagsúla chun cur le feidhmiú Churaclam Teanga na Bunscoile agus úsáid a bhaint as Chromebooks, tionscadail chomhoibríocha agus measúnú ar líne. (Roghnaigh cc le haghaidh fotheideal Gaeilge, má tá siad de dhíth).

Cur Síos

Déanann príomhoide agus múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi ar ghlac a scoil páirt i Tionscadal Punanna Digiteacha Oide. Chuir an scoil an clár i bhfeidhm tar éis lá oiliúna, chomh maith le cuairteanna ó chomhairleoir SFGM agus cúrsaí oiliúna ar líne do na baill foirne ar fad. Déanann an múinteoir ranga cur síos ar na teicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear ina seomra ranga chun tacú leis na spriocanna a bhaint amach maidir leis an gcuraclam teanga nua trí chomhoibriú agus trí mheasúnacht. Úsáideann na scoláirí an Chromebook agus Google Forms air mar chineál measúnaithe.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Introducing Digital Portfolios (Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.