Skip to main content

Punanna Digiteacha i nGaelscoil Ros Eo

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann Príomhoide scoile cur síos ar an gcaoi a bhain a scoil tairbhe as an Tionscadal Punann Digiteach le cúnamh ó chuairteanna tacaíochta Oide agus cúrsaí ar líne. Tá go leor dul chun cinn déanta ag an scoil le múinteoireacht, foghlaim agus measúnú na scoile a fheabhsú le teicneolaíochtaí digiteacha. (Roghnaigh cc le haghaidh fotheideal Gaeilge, má tá siad de dhíth).

Cur Síos

Déanann an Príomhoide cur síos ar roinnt teicneolaíochtaí a úsáidtear ina scoil agus ar chur i bhfeidhm an Tionscadail Punann Digiteach (DP) sa Scoil. Úsáidtear Táibléid, Chromebook, amharcléiritheoirí agus ríomhairí glúine sa scoil ar fad. Thug comhairleoir Oide tacaíocht don scoil, agus thug siad cuairteanna ar an scoil go rialta chun an tionscadal píolótach DP a rolladh amach, tionscadal ar bhain na baill foirne an-tairbhe as.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir

Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.

Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.

Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.