Skip to main content

Punanna Digiteacha i Scoil Náisiúnta Sinsearach Naomh Aodhán

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann príomhoide scoile cur síos ar ról na scoile i dTionscadal Punann Digiteach, a bhfuil tacaíocht leanúnach ó Oide i gceist leis. D’imeasc forbairt Plean na Foghlama Digití leis na pleananna feidhmithe do Churaclam Teanga na Bunscoile a raibh torthaí an-dearfach dá bharr don fhoireann agus do dhaltaí.

Cur Síos

Déanann príomhoide cur síos ar fhorbairt Phlean Foghlama Digití (PFD), Tionscadal um Punanna Digiteacha agus tacaíocht leanúnach ó chomhairleoirí Oide agus FGL a bhíonn ar fáil. Mar thoradh ar fhorbairt an Phlean FD agus nasc le pleananna atá ag an scoil do Churaclam Teanga na Bunscoile tá torthaí dearfacha do na baill foirne agus na daltaí.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version

Introducing Digital Portfolios (Post Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir

Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.

Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.

Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.