Skip to main content

Cóid MF sa Chorp Oideachais

Forbhreathnú ar Fhíseán

Cuireann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a imeascann TFC le ceacht corpoideachais ilghrád. Scríobhann daltaí sinsearacha treoracha ar gach scil do na daltaí níos óige. Baintear úsáid as gineadóir cód MF ar líne chun cóid MF a chruthú, ata na daltaí níos óige in ann breathnú orthu ar tháibléid nó ar fhóin chliste.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a ndéantar TFC a chomhtháthú i gceacht Corpoideachais ilghráid. Oibríonn na scoláirí as lámha a chéile i gceacht Unihoc a bhfuil go leor difreála ann ina ndírítear ar thrí phríomhscil. Scríobhann scoláirí sinsearacha treoracha do gach scil do na scoláirí óga. Úsáidtear Gineadóir Cód Mearfhreagartha chun cóid mhearfhreagartha a chruthú is féidir leis na scoláirí óga a úsáid ar tháibléid nó ar fhóin chliste. Is é cuspóir na scoláirí óga chun díriú ar scileanna haca a chleachtadh agus bhí foghlaim na scoláirí sinsearacha bunaithe ar phróiseas na scríbhneoireachta gnásúla.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

How to Create and Use Instructional Videos (Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Collaboration, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.