Skip to main content

Scratch le haghaidh Teanga

Forbhreathnú ar Fhíseán

Baineann múinteoir Naíonán Sóisearach úsáid as Scratch chun an mhúinteoireacht agus an fhoghlaim a thacú i suíomh ilghrád. Cuireann an múinteoir teagaisc stáisiúin san áireamh mar mhodh measúnaithe. Baintear úsáid as Scratch chomh maith le Stop Motion Animation mar mhodhanna measúnaithe. Éascaíonn na daltaí sinsearacha, i stáisiúin, an obair seo i measc na daltaí níos óige.

Cur Síos

Taispeánann múinteoir ranga an chaoi a n-úsáideann siad Scratch agus Stop Motion chun tacú le teagasc agus foghlaim i suíomh ilghráid. Déantar iniúchadh ar an leabhar ‘The Rainbow Fish’ thar thréimhse dhá sheachtain, socraíonn an múinteoir trí stáisiún ach úsáid a bhaint as iPads ina n-úsáideann na scoláirí códú Scratch agus Beochan Stop Motion. Déanann na scoláirí sinsearacha éascaíocht ar an obair seo sna stáisiúin i measc na scoláirí níos óige. Úsáidtear piarmheasúnú agus féinmheasúnú sa cheacht seo.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Coding and Computational Thinking Using Scratch (Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.