Skip to main content

Seanchas Digiteach le haghaidh Tionscadal Spriocanna Domhanda

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 6 cur síos ar an gcaoi a chruthaigh a rang tionscadail físeáin le húsáid a bhaint as Adobe Spark. D’fhoghlaim na daltaí faoi chóipcheart agus chruthaigh siad gearrscéal digiteach le húsáid a bhaint as suíomhanna gréasáin íomhá gan dleacht: www.pixabay.com agus www.photosforclass.com. Sábháladh tionscadail ar Google Drive mar thaifead measúnaithe.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi ar chruthaigh siad tionscadail scannánaíochta ach úsáid a bhaint as Adobe Spark. Bhí téama an cheachta seo bunaithe ar Spriocanna Domhanda na NA. Déantar iniúchadh ar chóipcheart mar phríomhábhar sa cheacht seo. Míníonn an múinteoir an méid atá i gceist leis seo agus an chaoi ar féidir leis na páistí úsáid a bhaint as dhá shuíomh gréasáin inar féidir suíomhanna gréasáin eile a fháil chun íomhánna gan ríchíos a fháil: Pixabay agus PhotosforClass. Sábháladh na tionscadail ar Google Drive mar thaifead measúnachta.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

How to Create and Use Instructional Videos (Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.