Skip to main content

Táibléid don Litearthacht sna Naíonáin Shóisearacha

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir Naíonán Sóisearach cur síos ar tháibléid a úsáid le haghaidh litearthachta sna Naíonáin Shóisearacha. Oibríonn na daltaí ag stáisiúin éagsúla, lena n-áirítear fuaimeanna a mheascadh, cruthú litreacha, cleachtadh focal casta, agus deachtú. Is é Hairy Letters an aip atá in úsáid le haghaidh cruthú litreacha.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ach úsáid a bhaint as táibléid i gcomhair litearthachta sna Naíonáin Shóisearacha. Oibríonn na scoláirí i ngrúpa ag stáisiúin éagsúla, lena n-áirítear fuaimeanna a mheascadh le chéile, cruthú litreach, cleachtadh ar fhocail dheacra, agus deachtú. Is í Hairy Letters an aip atá á húsáid le haghaidh cruthú litreach. Cuimsítear leis na modheolaíochtaí measúnachta, breathnóireacht mhúinteora, piarmheasúnú agus aiseolas.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

 An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá idir dhúshlánach agus thacúil

Bíonn na hidirghníomhaíochtaí digiteacha, idir na daltaí féin agus idir na daltaí agus na múinteoirí, idir mheasúil agus dhearfach agus cuidíonn siad leis an bhfolláine.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.