Skip to main content

Táibléid a úsáid le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sa Staidéar Gnó

Táibléid a úsáid le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sa Staidéar Gnó

Forbhreathnú ar Fhíseán

Míníonn múinteoir Gnó an úsáid a bhaineann siad as TFC sa rang acu. Bhí an rang dírithe ar mhargaíocht agus ar fhógraí a dhearadh. Bhain an rang úsáid as táibléid agus as beochan íomhá ar íomhá lena gcuid fógraí féin a chruthú. Rinne an rang a gcuid oibre a uaslódáil ar Imagine Learning Systems ansin le haghaidh an mheasúnaithe.

Cur Síos

Pléann múinteoir staidéar gnó conas a úsáideann sé teicneolaíocht lena rang sa chéad bhliain. Úsáideann na daltaí Lego Movie Maker ar tháibléid chun fógraí beochana íomhá ar íomhá a chruthú. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí agus cuireann siad a gcuid físeán faoi bhráid an mhúinteora le measúnú a dhéanamh orthu. Úsáideann an múinteoir rúibricí féinchruthaithe chun a chinntiú go bhfuil na daltaí ag comhlíonadh na gcritéar ceart. Tá na daltaí ag cur lena gcuid scileanna cruthaitheacha agus iad agus an curaclam á fhoghlaim acu ag an am céanna. Pléann an múinteoir an chaoi a gcríochnaíonn sé an ghníomhaíocht sula gcuireann sé i láthair an ranga í lena chinntiú go bhfeidhmíonn an trealamh. Uaslódáiltear acmhainní ar líne do dhaltaí chun féachaint orthu má bhíonn siad as láthair.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.