Skip to main content

Táibléid i Rang 3 agus 4 Corp Oideachais

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 3 agus 4 cur síos ar úsáid a bhaint as táibléid i gceacht Chorp Oideachais, dírithe ar Dhamhsa. Baineann na daltaí úsáid as aip darbh ainm Sworkit le haghaidh a réamhaclaíocht. Baineann siad úsáid as an bhfeidhm físeáin ar an táibléad chun féinmheasúnú agus piarmheasúnú a dhéanamh ar SBG (Scileanna Bunghluaiseachta).

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an snáithe Dance ach úsáid a bhaint as táibléid i gceacht corpoideachais. Úsáideann na scoláirí aip darb ainm Sworkit dá réamhaclaíocht. Úsáideann siad an fheidhm ‘físeán’ ar an táibléad chun féinmheasúnú agus piarmheasúnú de SB (Scileanna Bunghluaiseachta a chur i gcrích). Díríonn na gníomhaíochtaí a mhaireann 30 soicind ar scil na cothromaíochta. Cuireann na scoláirí féinmheasúnú gréasáin i gcrích chun deireadh a chur leis an gceacht.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.