Teicneolaíocht Dhigiteach i gColáiste an Phiarsaigh
Agallamh le Leas-Phríomhoide faoi chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ar scoil i gcúrsaí teagaisc agus foghlama. D’fhorbair an scoil grúpa pleanála don teicneolaíocht ar scoil le tacú le pleanáil chomhoibríoch na foirne. Labhraíonn sé faoin tslí a gcothaíonn sé seo comhoibriú le daltaí agus leis an bhfoireann. Pléann sé an úsáid a bhaintear as réimsí digiteacha san Idirbhliain.