Skip to main content

Teicneolaíocht Dhigiteach i nGaelscoil Uí Fhiaich

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann príomhoide cur síos ar na bealaí éagsúla a bhaineann a scoil úsáid as acmhainní digiteacha. Maidir le cumarsáid, baintear úsáid as Skype idir baill foirne. Maidir le múinteoireacht agus foghlaim, baineann seomra ranga na naíonán úsáid as an suíomh gréasáin www.leighleat.com chun an clár fónaice a mhúineadh. Téann na ranganna níos sine i mbun ceachtanna códaithe agus aipeanna ar nós Stop Motion agus Kahoot.

Cur Síos

Pléann príomhoide na Gaelscoile an úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht ina scoil. Pléann sé na hacmhainní éagsúla atá ar fáil ag an scoil: Ríomhairí Glúine, iPadanna, Netbooks, Scanóirí, Ceamaraí, Lego We.Do agus conas a úsáidtear iad. Úsáideann an fhoireann Skype chun cumarsáid a dhéanamh ar fud an lae scoile ar a gcuid ríomhairí glúine agus úsáideann an scoil DropBox chun cáipéisí a roinnt le pobal na scoile. Úsáideann na ranganna Kahoot, Léighleat agus Stop Motion sa rang agus tá tús curtha acu le códú freisin. Pléann an príomhoide freisin an chaoi a bhfuil fear deisithe áitiúil ag an scoil chun a chinntiú go bhfuil an teicneolaíocht go léir ag feidhmiú.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.