Skip to main content

Teicneolaíochtaí Digiteacha i mBunscoil Mount Anville

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann Príomhoide scoile cur síos ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm ar fud na scoile. Go háirithe, teacht ar FGL múinteora, cleachtadh a roinnt agus leas a bhaint as tacaíocht Oide. Déanann sí cur síos chomh maith ar bhonneagar teicneolaíocht digiteach na scoile.

Cur Síos

An príomhoide ag plé buntáistí na teicneolaíochta ina mbunscoil agus conas a thug siad na hacmhainní isteach. Tá iPadanna, Ríomhairí Glúine agus cláir bhána idirghníomhacha sa scoil a úsáideann na ranganna ar bhonn uainíochta. Pléann an príomhoide na tionscadail atá curtha i gcrích ag daltaí rang a 6 maidir le spriocanna domhanda agus an úsáid na scoile as Adobe Spark agus Google Drive. Fuair an scoil comhairle óna gcomhairleoir Oide a thaispeáin do na múinteoirí conas teicneolaíocht a chomhtháthú ina seomraí ranga. Pléann an príomhoide freisin an chaoi a n-úsáideann na múinteoirí a gcuid uaireanta Forbartha Gairmiúla Leanúnaí chun a gcuid foghlama a roinnt leis an gcuid eile den fhoireann.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch Múinteoirí)

  • 4.1 Bíonn meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil, agus bíonn siad rannpháirteach iontu sin

Bíonn múinteoirí ag gabháil don fhorbairt ghairmiúil agus oibríonn siad lena gcomhghleacaithe chun cabhrú leo teicneolaíochtaí digiteacha a roghnú agus a ailíniú le straitéisí éifeachtacha teagaisc chun deiseanna foghlama a leathnú le haghaidh na ndaltaí ar fad.

Déanann múinteoirí measúnú, plé agus machnamh lena gcomhghleacaithe ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha le bheith nuálach sa chleachtas oideachais agus le feabhas a chur air.

  • 4.3 Déanann múinteoirí cleachtais chomhsheasmhacha iontaofa don mheasúnú múnlaitheach agus don mheasúnú suimitheach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile

Forbraíonn múinteoirí úsáid eiticiúil teicneolaíochtaí digiteacha chun sonraí ábhartha ar fhoghlaim na ndaltaí a bhailiú, a chomhroinnt agus a léirmhíniú le comhghleacaithe, agus cuireann siad an úsáid eiticiúil sin i bhfeidhm.

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun réimse de chleachtais dhílse chuí a dhearadh don mheasúnú múnlaitheach agus don mheasúnú suimitheach.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.