Skip to main content

Teicneolaíochtaí Digiteacha sa rang Tíreolaíochta

Forbhreathnú ar Fhíseán

Pléann Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Wizer.ie ina sheomra ranga féin. Míníonn an múinteoir an úsáid a bhaineann sé as an uirlis seo le cabhrú leis an gcianfhoghlaim. Cabhraíonn sé leis tascanna difreáilte a leagan ar dhaltaí agus aiseolas aonair a thabhairt. Oibríonn na daltaí as a stuaim féin ansin chun na tascanna éagsúla a chríochnú.

Cur Síos

Úsáideann múinteoir grafaice Minecraft Education chun tuiscint ar chruthanna 2D agus 3D a spreagadh. Oibríonn na daltaí i bhfoirne ar iPadanna ag tógáil i Minecraft Education. Leanann an múinteoir leis an gceacht le cur chuige malairte foghlama. Féachann na daltaí ar Powerpoint réamhdhéanta agus ar fhíseán ar cheisteanna scrúdaithe. Múnlaíonn an múinteoir freagraí ach úsáid a bhaint as amharcléiritheoir agus PowerPoint. Ansin tógann na daltaí grianghraif dá gcuid líníochtaí ag úsáid a gcuid iPadanna agus uaslódálann chuig KeyNote iad.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí
  • Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.
  • Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.