Skip to main content

TFC in úsáid sa Stair

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis thacaíochta ina seomra ranga Staire. Tá na daltaí ag pleanáil a gcuid físeán féin, i mbun taighde fúthu agus á gcruthú, agus taispeánann siad don rang ansin iad. Míníonn sí an úsáid a bhaineann sí as cártaí Minecraft agus MatchAttack ina cuid ranganna agus treoirlínte mar mhodh measúnaithe.

Cur Síos

Pléann múinteoir staire an tionchar tábhachtach a bhíonn ag an teicneolaíocht ar an teagasc sa seomra ranga. Críochnaíonn na daltaí tionscadal Ceilteach ina ndearann siad físeáin ag cur ceisteanna ar dhaoine den am atá imithe. Taispeántar na físeáin ansin do dhaltaí níos sine agus tugtar aiseolas. Úsáideann na daltaí Minecraft chun Meigilití a thógáil agus a gcártaí Matchattax féin a dhearadh do dhaoine den am atá imithe, ag baint úsáid as PicCollage ar iPadanna. Úsáideann an múinteoir Rúibricí chun foghlaim na ndaltaí a mheas. Pléann an múinteoir cur chuige ERERER maidir le teicneolaíocht a chomhtháthú i scoileanna agus cuireann sé comhairle ar fáil do mhúinteoirí. Tá stór acmhainní cruthaithe ag an bhfoireann a roinneann siad agus is féidir leo iad a úsáid i rith na bliana.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.