Skip to main content

Tionscadal Punanna Digiteacha le rang a 6

Forbhreathnú ar Fhíseán

Míníonn múinteoir rang 6 na buntáistí a bhaineann le rannpháirtíocht sa Tionscadal Punann Digiteach agus tacaíocht ó Chomhairleoir Foirne Teicneolaíochtaí Digiteacha Oide. Déanann an múinteoir cur síos ar thionscadal a rinneadh agus úsáid a bhaint as punanna digiteacha chun taispeántas sleamhnán a phleanáil, taighde a dhéanamh dó agus é a chur i láthair, as a tháinig rannpháirtíocht mhéadaithe i measc daltaí.

Cur Síos

Déanann múinteoir cur síos ar an gcaoi ar bhain a rang tairbhe as an Tionscadal Punanna Digiteacha. Chuir Oide lá oiliúna ar siúl, lá inar cuireadh treoir ar fáil maidir leis an tionscadal. Úsáideann na scoláirí an Chromebook le haghaidh obair thionscadail i ngrúpaí chun taighde a dhéanamh ar a n-ábhar agus chun cur i láthair a chruthú. Is féidir leis an múinteoir athbhreithniú a dhéanamh ar gach tionscadal chun aiseolas a chur ar fáil agus glacann na scoláirí páirt sa phiarmheasúnú lena chéile.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

 An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.4 Baineann daltaí amach na cuspóirí foghlama sonraithe don téarma agus don bhliain
  • Tugtar aiseolas pearsanta agus tacaíocht idirdhealaitheach do dhaltaí bunaithe ar fhianaise a bhailítear le raon modhanna lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha.
  • Baineann daltaí agus/nó tuismitheoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun rochtain a fháil ar fheidhmíocht na bhfoghlaimeoirí ar bhealach sábháilte eiticiúil.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.