Skip to main content

Úsáid a bhaint as Táibléid le haghaidh Uimhreach sa Mhata

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 1 cur síos ar an úsáid a bhaineann siad as táibléid chun múinteoireacht agus foghlaim a thacú sa mhata. Foghlaimíonn an rang faoi Ionadluach trí ghníomhaíochtaí láimhe agus aipeanna. Is iad na haipeanna a mbaintear úsáid astu san fhíseán ná Pieces Basic agus Twinkl 100 Square.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ach úsáid a bhaint as táibléid chun tacú le teagasc agus foghlaim sa mhatamaitic. Foghlaimíonn na scoláirí faoi Ionadluach trí bheith ag obair ag na stáisiúin le iPads agus ar ghníomhaíochtaí teagmhálacha. Cuimsítear an méid seo a leanas leis na haipeanna a úsáidtear le haghaidh forbairt scileanna sa Mhatamaitic Pieces Basic agus Twinkl 100 Square. Déanann na scoláirí réiteach fadhbanna agus oibríonn siad as lámha a chéile laistigh de cheithre stáisiún i ngrúpaí. Is léir go bhfuil piarmheasúnú ina ghné spraíúil iomaíoch sna gníomhaíochtaí. Bhain na scoláirí úsáid as an aip Book Creator chun a gcuid foghlama a thaifeadadh agus chun an méid atá déanta acu i gcaitheamh an cheachta a thaispeáint dá chéile.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.