Skip to main content

Úsáid a bhaint as Uirlisí ar Líne agus Ríomhphunanna le haghaidh na hAmharc-ealaíon

Úsáid a bhaint as Uirlisí ar Líne agus Ríomhphunanna le haghaidh na hAmharc-ealaíon

Forbhreathnú ar Fhíseán

Míníonn múinteoir rang 1 an chaoi a úsáideann sí Google Classroom le haghaidh na hAmharc-ealaíon. Míníonn sí an chaoi a chruthaíonn daltaí rúibric dhigiteach a leanann na daltaí atá ag cruthú san ealaíon. Sábháiltear grianghraif d’obair na ndaltaí ar Google Drive chun ríomhphunann a chruthú.

Cur Síos

Taispeánann múinteoir ranga an chaoi a n-úsáideann sí Google Classroom le linn di ceacht amharc-ealaíne a mhúineadh. Míníonn sí an chaoi a gcruthaíonn na scoláirí rúibric dhigiteach agus tosaíonn na scoláirí ag cruthú le cré. Sábháladh grianghraif de shaothar na scoláirí chuig Google Drive chun ríomhphunann a chruthú. Tá féinmheasúnú agus piarmheasúnú ríthábhachtach le linn an cheachta ealaíne chomh maith leis an rúibric a idirdhealú chun freastal ar láidreachtaí agus laigí an scoláire aonair.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Introducing Digital Portfolios (Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí.

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.4 Faigheann daltaí taithí ar dheiseanna chun na scileanna agus na meonta atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt.

Bíonn deiseanna ag daltaí a n-inniúlacht dhigiteach a úsáid i gcásanna nó i gcomhthéacsanna nua agus bíonn tuiscint atá oiriúnach dá n-aois acu ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach cabhrú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.

Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.