Skip to main content

Úsáid a bhaint as Uirlisí ar Líne le haghaidh Comhoibrithe

Forbhreathnú ar Fhíseán

Tugann múinteoir rang 6 achoimre ar an gcaoi a úsáideann sé uirlisí ar líne le haghaidh tionscadail ghrúpa. Nuair atá siad críochnaithe, cuirtear isteach iad ar Google Classroom nó Google Drive le faomhadh ag an múinteoir. Cuireann na daltaí a n-obair i láthair ansin os comhair an ranga agus coimeádtar iad mar ríomhphunann.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann siad teicneolaíocht le haghaidh obair thionscadail san Eolaíocht. Úsáideann na scoláirí ríomhairí glúine agus Google Classroom chun taighde a dhéanamh agus chun sleamhnáin a chruthú le haghaidh cur i láthair ar an eolaí is fearr leo. Ansin, is féidir leis na scoláirí a gcuir i láthair a thaispeáint don rang uilig tríd an gclár bán idirghníomhach agus gheobhaidh siad aiseolas óna bpiaraí ar a dtionscadail. Úsáideann na scoláirí Google Drive chun a gcuid oibre a uaslódáil agus a shábháil.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Introducing Digital Portfolios (Post Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach don chuspóir foghlama agus do riachtanais foghlama na ndaltaí

Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.