Skip to main content

Úsáid a bhaint as Scáileán Glas le haghaidh na hAmharc-ealaíon

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a shocraigh sé scáileán glas chun físeán le tráchtaireacht a chruthú ina seomra ranga. Áirítear braillín ghlas ar crochadh sa seomra ranga agus táibléad leis an aip Green Screen le Do Ink leis na hacmhainní riachtanacha a úsáideadh: www.doink.com.

Cur Síos

Taispeánann múinteoir ranga an chaoi ar shocraigh siad scáileán glas ina seomra ranga chun tacú leis an bhfoghlaim. Úsáideann na scoláirí cúlra scáileáin ghlais chun físeán a chruthú ina bhfuil tráchtaireacht faoi chúrsaí litearthachta agus faoi chúrsaí ealaíne. Oibríonn na scoláirí ar fad sa rang le chéile agus iad ag déanamh na scannánaíochta agus an múinteoir ag tabhairt tacaíocht dóibh. Cuimsítear leis na hacmhainní riachtanacha a úsáidtear; braillín ghlas ar crochadh sa seomra ranga agus táibléad agus an aip Green Screen de chuid Do Ink suiteáilte air. Ansin, déanann na scoláirí eagarthóireacht ar na fuaimeanna agus ar na guthuithe agus cuireann siad leo ina saothair sula bhfoilsítear iad.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
  • 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.