Skip to main content

TFC in úsáid sa Tíreolaíocht

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as físeáin sna ranganna Tíreolaíochta aige. Pléann sé conas mar a chuireann sé an t-ábhar in oiriúint do chumas an ranga, trína chuid físeán féin a chruthú dá rang. Pléann sé an úsáid a bhaintear as Socrative chomh maith, le haghaidh an mheasúnaithe agus an buntáiste a bhaineann le haiseolas láithreach.

Cur Síos

Taispeánann múinteoir tíreolaíochta ar an 3ú bliain conas a úsáideann sé Powerpoint, déanamh físeáin agus tráth na gceist ar líne ina sheomra ranga. Úsáideann an múinteoir PowerPoint chun obair bhaile a thaispeáint agus é á ceartú, rud a ligeann dó bogadh timpeall an tseomra ranga. Úsáideann an múinteoir ShowMe chun físeán teagaisc a dhéanamh don rang. Ansin cruthaíonn na daltaí a bhfíseán féin ar iPadanna ag baint úsáid as ShowMe. Uaslódálann na daltaí físeáin chuig GoogleClassroom. Pléann an múinteoir na buntáistí a bhaineann le teicneolaíocht a úsáid agus an t-aiseolas ar an toirt atá á fháil ag na daltaí. Glacann na daltaí páirt i Socrative Quiz ina ndéanann siad athbhreithniú ar an obair atá clúdaithe sa rang. Faigheann siad aiseolas láithreach ón tráth na gceist ar féidir leis an múinteoir rochtain a fháil air freisin.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí
  • Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.
  • Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.