Skip to main content

TFC in úsáid san Eolaíocht

Forbhreathnú ar Fhíseán

Labhraíonn Múinteoir Eolaíochta faoin úsáid a bhaintear as TFC ina seomra ranga. B’éigean don rang tabhairt faoi thaighde i ngrúpaí. Cuireadh cóid QR (nasctha le físeáin) agus suíomhanna idirlín ar fáil dóibh. Rinne gach grúpa cur i láthair ansin ar PowerPoint, PicCollage nó MindMap. Míníonn sí conas mar a bhíonn a rang an-dírithe ar an obair nuair a bhaintear úsáid as TFC.

Cur Síos

Baineann daltaí Bitheolaíochta na 1d bhliana úsáid as iPadanna agus cóid QR, nasctha le físeáin, chun eolas nua a aimsiú. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun eolas nua a fháil faoi chomharthaí an tsaoil agus tugtar ról dóibh go léir. Tugtar am dóibh ansin a gcuid oibre a thaispeáint ar Powerpoint, ar Pic collage nó ar MindMap. Déanann an múinteoir ‘Eolaíocht Chistine’ a uaslódáil ar ardán na scoile le go leanfaidh an fhoghlaim ar aghaidh sa bhaile.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí
  • Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.
  • Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.