Skip to main content

TFC in úsáid le tacú leis an staidéar sa Staidéar Gnó

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis staidéir ina rang Gnó. Thug an rang faoi thástálacha ar líne. Chruthaigh siad a gcuid tástálacha féin agus thug siad dúshlán a gcomhghleacaithe iad a chur i gcrích. Pléann sí an buntáiste a bhaineann le TFC ó thaobh na difreála de sa seomra ranga.

Cur Síos

Oibríonn daltaí gnó an Teastais Shóisearaigh i ngrúpaí chun tráth na gceist Kahoot a chruthú mar mhodh athbhreithnithe. Eagraítear an rang i ngrúpaí agus tugtar topaic do gach grúpa. Ansin cruthaíonn an grúpa tráth na gceist leis an aip Kahoot. Riarann na daltaí a dtráth na gceist féin don rang. Úsáideann an múinteoir an ceacht seo mar mhodh measúnaithe fhoirmithigh. Faigheann daltaí aiseolas láithreach ón duine aonair agus iad ag glacadh páirt i ngníomhaíocht ghrúpa iomaíoch. Ar mhaithe le difreáil, seolann an múinteoir nótaí chuig daltaí níos laige ar ríomhphost agus tugann sé/sí tacaíocht aonair dó/di. Faigheann an múinteoir amach go bhfuil na daltaí níos rannpháirtí agus go mbaineann siad taitneamh as na ceachtanna seo agus iad ag imeacht ón gcur chuige foghlama bunaidh maidir le gnó a mhúineadh.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.