Skip to main content

Oideachas Minecraft a úsáid sna Grafaicí

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le múinteoir faoin úsáid a bhaintear as Minecraft sna ranganna Grafaicí. Pléann sé an nasc atá cruthaithe aige idir tógálacha 3D in Minecraft agus líníochtaí 2D ar pháipéar ina chuid ranganna. Oibríonn na daltaí le chéile mar fhoireann chun an dúshlán a chur i gcrích agus déanann siad taifeadadh ar an dul chun cinn acu ag baint úsáid as íomhánna agus Keynote.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar iPads a úsáid le haip Oideachas Minecraft i gceacht matamaitice. Oibríonn na scoláirí i ngrúpaí chun saothair 2T agus 3T a chruthú. Úsáideann an múinteoir teilgeoir agus amharcléiritheoir chun tacú leis an bhfoghlaim freisin. Cruthaíonn na scoláirí cur i láthair KeyNote chun a saothair a chur ar taispeáint. Úsáidtear piarmheasúnacht agus measúnacht mhúinteora le haghaidh aiseolais, neartú scileanna agus forbairt stóir focal chun deireadh a chur leis an gceacht.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Assessment Feedback and Digital Technologies (Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.1 Tá an t-eolas ar an ábhar, an t-eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta ranga is gá ag an múinteoir
  • Úsáideann múinteoirí réimse teicneolaíochtaí digiteacha chun gníomhaíochtaí foghlama agus measúnaithe a dhearadh dá ndaltaí.
  • Déanann múinteoirí eispéiris foghlama a dhearadh nó a chur in oiriúint ina gcuimsítear teicneolaíochtaí digiteacha agus ina mbíonn na gníomhaíochtaí foghlama idir ábhartha agus bhríoch chun tacú le foghlaim na ndaltaí.
  • Nuair a bhaineann múinteoirí úsáid as gníomhaíochtaí foghlama digití, déanann siad measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin agus déanann siad athbhreithniú ar a gcuid straitéisí teagaisc dá réir sin.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Coding, Collaboration, Computational Thinking, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.