An Fholláine Ar Líne: An tSaoránacht Dhigiteach á fiosrú le Rang 1
Forbhreathnú ar Fhíseán
Labhraíonn Anna faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfolláine ar líne a mhúineadh dá cuid daltaí ó rang 1 agus faoin úsáid a bhain sí as gníomhaíochtaí ó Webwise HTML Heroes mar chuid dá rang, an méid seo a leanas san áireamh; plé ranga faoin saol ar líne, scéal Archie, tástálacha, agus díospóireacht ghluaiseachta.
Cur Síos
Fiosraíonn múinteoir folláine dhigiteach mar thopaic ag úsáid an clár Webwise HTML Heroes Breathnaíonn an rang ar an gcaoi chun idirghníomhú go sábháilte ar líne, trí úsáid a bhaint as na gníomhaíochtaí atá ar fáil, plé gníomhach, HTML heroes story, díospóireacht siúil agus tráth na gceist Kahoot Luaitear Webwise Parents Hub mar áit iontach le tuismitheoirí a chur chun comhairle a fháil faoi bheith sábháilte ar líne.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá idir dhúshlánach agus thacúil
Bíonn na hidirghníomhaíochtaí digiteacha, idir na daltaí féin agus idir na daltaí agus na múinteoirí, idir mheasúil agus dhearfach agus cuidíonn siad leis an bhfolláine.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.